Seachtain na Gaeilge 2015


Bhí Seachtain na Gaeilge againn ar 9ú – 13ú Márta 2015. Rinne na páistí an-iarracht an Ghaeilge a labhairt ar scoil agus sa bhaile freisin. Bhain said alán úsáid as na frásaí cainte a d’fhoghlaim said sa rang Gaeilge i rith na bliana..

Bhí lá na Gaeilge againn ar an Aoine. Ghleas gach duine in éadaí glasa. Bhí ceolchoirm, céilí agus tráth na gceist againn. Bhí an-spórt agus craic ag gach duine.

“Labhair Gaeilge Linn”