An seachtain seo caite tharla Seachtain na Gaeilge. Bímid ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge chun labhairt agus grá na Gaeilge a spreagadh. Rinneamar alán rudaí bainte leis an nGaeilge i rith na seachtaine. I rang a sé , phioceamar seanfhocail agus ansin rinneamar pictiúr ag taispeáint an míniú. Bhí tionól ar siúl le haghaidh na naíonáin suas go rang a dó agus rinne gach rang amhrán, dán nó rann as Gaeilge thar Zoom don tionól. Rinne na cailíni ó rang a cúig agus a sé Raidio Naomh Pius gach maidin ar 9.30. Bhí siad ag craoladh nuacht an lae agus an aimsir agus chuir siad leagan Gaeilge do roinnt amhráin pop ag deireadh an seó ar siúl. Ar an Aoine chuaigh rang a sé ar siúlóid don Lá Glas, bhí gach duine gléasta le rudaí glasa agus bhí sé cosúil le paráid! Chun an seachtain a chríochnú , rinne rang a trí go rang a sé tráth na gceist. Bhí seachtain iontach againn agus beimid ag súil go mór don bhliain seo chugainn.